Le Teacht Orainn

Scrollaigh d’Eolas Maidir le Láthair, Leagan Amach Inmheánach, Inrochtaineacht, agus Láithreacha Eile sa Cheantar.

Faigh Caisleán Bhaile Átha Cliath

Táimid lonnaithe i gcroílár Bhaile Átha Cliath, siúlóid ghearr ón iomaí mhórláthair thurasóireachta eile.

Bus

Busanna a stopann in aice linn ar Shráid Sheoirse: 9, 14, 15, 15A, 15B, 16, 65, 68, 83, 122, 140
Busanna a stopann in aice linn ar Shráid an Dáma: : 13, 27, 40, 49, 54A, 56A, 77A, 123, 150, 151, 747

Luas

Is iad na stadanna Luas is giorra dúinn Faiche Stiabhna ar an Líne Ghlas agus Jervis ar an Líne Dhearg.

Tabhair faoi deara nach bhfuil páirceáil ar fáil do chuairteoirí ag an láthair. Is iad na láithreacha páirceála is gaire dúinn ná Q-Park Teampall Chríost agus Park Rite An Bóthar Beag.

Do Bhealach a Dhéanamh Timpeall ar Chaisleán Bhaile Átha Cliath

Tá oifig na dticéad i gCaisleán Bhaile Átha Cliath lonnaithe sna Seomraí Stáit. Tosaíonn turais threoraithe ansin agus tugtar an cuairteoir ar dtús go dtí láithreacha na dtochailtí Lochlannacha agus Meánaoiseacha, ansin go dtí an Séipéal Ríoga agus ar deireadh go dtí na Seomraí Stáit. Má roghnaíonn tú ticéad féintreoraithe tá de rogha agat dul díreach ó oifig na dticéad go dtí na Seomraí Stáit.

Ag Freastal ar Chomhdháil

Tagair, le do thoil, don eolas ó lucht eagraithe na comhdhála chun dearbhú an bhfuil do chomhdháil le bheith san Ionad Comhdhála, Halla Bedford, nó sa Chlólann.

Íoslódáil

Íoslódáil mapa PDF den Chaisleán anseo.

Inrochtaineacht

Tá na Seomraí Stáit go hiomlán oiriúnach do chathaoireacha rothaí agus is ionann an scéal sa Terrace Café agus i nGairdíní an Chaisleáin (an Teach Cóiste san áireamh). Tá leithris dóibh siúd a bhfuil riachtanais speisialta acu sna Seomraí Stáit.

Tá rochtain ar chuid den Séipéal Ríoga ag leibhéal na talún. Níl rochtain ar an Tochailt Lochlannach ach trí staighre. Bí i dteagmháil linn má tá cúnamh uait maidir leis seo.

Ní féidir bugaithe ná pramanna a thabhairt isteach sna Seomraí Stáit – cuirfimid i dtaisce duit iad le linn do chuairte. Iarr cúnamh ar dhuine den fhoireann ag an deasc eolais, le do thoil.

B’fhéidir go mbeadh spéis agat cuairt a thabhairt ar…

Tá na láithreacha iontacha seo siúlóid ghearr ó Chaisleán Bhaile Átha Cliath – nó, i gcás Leabharlann Chester Beatty, Mhúsaem na gCoimisinéirí Ioncaim agus Mhúsaem an Gharda Síochána, i bhfoisceacht urchar cloiche i ndáiríre dúinn.