An Túr Meánaoiseach

Ceann de na Coda is Sine de Chathair Bhaile Átha Cliath

Túr an Vardrúis, Túr an Ghunnadóra nó Túr na dTaifead

Tá an túr seo ar cheann de na coda is sine, is iomláine agus is tábhachtaí de chathair Bhaile Átha Cliath atá fós linn sa lá inniu. Tugtar Túr an Vardrúis, Túr an Ghunnadóra nó Túr na dTaifead air chomh maith. Tá dáta 1204-28 leagtha leis agus a thógáil luaite den chuid is mó le réimeas Anraí III (1207-72), Rí Shasana agus Tiarna na hÉireann. Tá na ballaí suas le 4.8 méadar ar tiús.

Sa bhliain 1811 athchóiríodh an túr chun páipéir stáit a choinneáil ann, agus ag an am céanna rinneadh iarracht é a chur in oiriúint don Séipéal Ríoga nua a bhí á thógáil taobh leis. Ardaíodh an túr agus cuireadh forbhalla saoirseachta nua ar an uchtbhalla.

Amhail na seanfhoirgnimh go léir sa Chaisleán, bhí an iliomad feidhmeanna ag an túr i gcaitheamh na n-aoiseanna. Coinníodh cathéide, éadaí agus saibhreas an rí ann agus é in úsáid mar Thúr Vardrúis an rí sna blianta luaithe. Thugtaí an Vardrús chomh maith ar an roinn den rítheaghlach a thug aire do mhaoin phearsanta an rí. Choimeádtaí príosúnaigh sa túr ina dhiaidh sin. Faoin seachtú haois déag bhí Túr an Ghunnadóra á thabhairt air agus is dócha go raibh sé ina cheanncheathrú ag Máistirghunnadóir na hÉireann. Faoi dheireadh, in 1811, athchóiríodh é chun saibhreas de chineál eile a stóráil, páipéir agus taifid stáit. Bhí leabhair a bhí ceangailte go daor agus lámhscríbhinní ársa, mar aon le comhfhreagras na bhFear Ionaid agus na rialtas, eagraithe go néata agus stóráilte go sábháilte anseo suas go dtí 1989.

 

Tá an Túr Meánaoiseach dúnta don phobal faoi láthair de bharr athchóirithe.