An Tochailt Lochlannach

Cosaintí Bunaidh Bhaile Átha Cliath ó Ré na Lochlannach

I seomra faoi thalamh i gCaisleán Bhaile Átha Cliath…

…tá tochailt tar éis cuid de struchtúr an chaisleáin mheánaoisigh a thabhairt chun solais chomh maith leis an méid atá fágtha de chóras cosanta bunaidh Bhaile Átha Cliath na Lochlannach. Múr nó banc atá clúdaithe le clocha atá i gceist agus tá sciar de seo caomhnaithe taobh istigh de bhallaí ollmhóra ciorclacha an Túir Phúdair, foirgneamh a tógadh sa tríú haois déag.

Feicfidh cuairteoirí sciar d’imbhalla meánaoiseach an Chaisleáin anseo mar aon le cúlgheata agus céimeanna a théann síos go dtí an móta a bhí ann ag an am. Bheadh an Poitéal, abhainn a ritheann faoi thalamh an Chaisleáin go fóill inniu, curtha ar atreo tráth chun móta thart timpeall ar an gCaisleán a chruthú. Ar na gnéithe meánaoiseacha eile atá le feiceáil ar an láthair tá cuid de sheanbhalla an bhaile chomh maith le háirse a scaoil an móta isteach faoi (blocáilte thart ar an mbliain 1400).