Réamheolas faoin mBailiúchán

Earraí ag Dul Siar go dtí an Seachtú hAois Déag

Ón seachtú haois déag…

…ar a laghad, i leith, tá an bailiúchán i gCaisleán Bhaile Átha Cliath ina léiriú tábhachtach ar fhorás ealaíona agus cultúr in Éirinn agus níos faide ó bhaile. Fiú i mí na Bealtaine 1693, tá a fhios againn go raibh dhá théastar stáit, dhá cheann déag de chathaoireacha uilleacha fuaite Éireannacha agus cúig cinn de thaipéisí breátha sa bhailiúchán. Faoin mbliain 1813 bhí pictiúir ghalánta agus luachmhara éagsúla curtha leis an mbailiúchán. Inniu, tá an iliomad cineál de shaothair ealaíne le fáil sa bhailiúchán as réimse leathan de na mínealaíona agus na healaíona maisiúla.

Cuireadh go leor den bhailiúchán le chéile roimh neamhspleáchas na hÉireann in 1922 ach tá go leor earraí suntasacha curtha leis an mbailiúchán ó shin. Ar na hearraí is tábhachtacha atá faighte le tamall de bhlianta anuas tá na pictiúir agus an troscán breá a deonaíodh do stát na hÉireann in 1973 mar chuid de Thiomnacht Ghránard. Tá áit ar leith ag na pictiúir i mbailiúchán Chaisleán Bhaile Átha Cliath ach tá saibhreas iontach de dhealbha, troscán, cloig, poircealláin, earraí gloine, taipéisí, gloine daite agus teicstílí ón seachtú haois déag go dtí an lá inniu, le fáil ann chomh maith.

Tugann na hearraí suimiúla, aisteacha agus áille, ar uairibh, seo an deis dúinn áit ar leith an Chaisleáin i stair na hÉireann trí na haoiseanna a scrúdú agus a thuiscint. Fágann siad nach amháin gur ionad léinn agus staidéir den chéad tábhacht é ach gur foinse áthais agus inspioráide é chomh maith.

Tá creidiúnú músaeim ag na Seomraí Stáit i gCaisleán Bhaile Átha Cliath faoin gClár um Chaighdeáin Músaem in Éirinn de chuid an Chomhairle Oidhreachta.

An tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys, le hais Michael Starrett, Príomhfheidhmeannach na Comhairle Oidhreachta, agus duais maidir le creidiúnú eatramhach faoin gClár um Chaighdeáin Músaem in Éirinn á bronnadh ar Jenny Papassotiriou agus Celine Kennedy ó Sheomraí Stáit Chaisleán Bhaile Átha Cliath (OOP). Gary O’Neill.