Daoine Fásta agus an Pobal

Dóibh Siúd le Spéiseanna, Riachtanais agus Stíleanna Foghlamtha Éagsúla

Foghlaimeoirí Fásta

Tá clár imeachtaí fíorspéisiúil ar bun i gcónaí ag Caisleán Bhaile Átha Cliath d’fhoghlaimeoirí fásta le spéiseanna, riachtanais agus stíleanna foghlamtha éagsúla. Tá cainteanna, léachtaí agus ceardlanna san áireamh inár gclár. Tá na gníomhaíochtaí oideachasúla go léir saor in aisce agus ba bhreá linn tú a fheiceáil ann!

Féach Cad Atá ar Siúl nó cláraigh lenár nuachtlitir chun sonraí a fháíl maidir le cainteanna agus ceardlanna atá le teacht.

Tá na cainteanna agus na ceardlanna saor in aisce ach is gá áirithint a dhéanamh. Bí i dteagmháil linn le do thoil chun áit a chur in áirithe.

Pobal agus For-rochtain

Leathnaíonn seirbhís comhpháirtíochta pobal agus for-rochtana Chaisleán Bhaile Átha Cliath ár gclár foghlamtha amach thar bhallaí an Chaisleáin. Trí thograí agus imeachtaí a dhíríonn ar an mbailiúchán, is féidir linn dul i bpáirt leis an bpobal agus oibriú le grúpaí nach mbeadh baint acu le clár poiblí an Chaisleáin murach sin.

Bí i dteagmháil linn le haghaidh tuilleadh eolais.

Déan teagmháil leis an rannóg oideachais ag +353 1 6458812dublincastleeducation@opw.ie.

Ceardlanna atá Oiriúnach do Dhaoine a bhfuil Néaltrú orthu

In 2016 thosaigh Caisleán Bhaile Átha Cliath ag oibriú leis an Orchard Day Care Centre ar an gCarraig Dhubh chun ceardlanna éagsúla a chur ar fáil do dhaoine a bhfuil Néaltrú agus Galar Alzheimer orthu. Tá an tionscnamh bunaithe ar fhor-rochtain agus é faoi riar ag baill foirne atá lán-oilte. Is é atá mar aidhm leis na ceardlanna seo freagraí samhlaíocha agus cuimhní pearsanta a spreagadh ó dhaoine a mhaireann le Néaltrú, a dteaghlaigh agus a gcúramóirí.

Scríbhneoirí Óga Chaisleán Bhaile Átha Cliath

Tá an grúpa The Writing Group for Normal People bunaithe i gCaisleán Bhaile Átha Cliath. Grúpa déagóirí iad seo atá ag obair ar thionscnaimh dá gcuid féin ach a thagann le chéile chun ábhar a chéile a léamh agus a scrúdú. Bunaíodh an grúpa in 2015 i bpáirt le Fighting Words, eagraíocht atá bunaithe i mBaile Átha Cliath a eagraíonn ceardlanna ar an scríbhneoireacht chruthaitheach do leanaí agus do dhéagóirí. Tá éirithe go geal le baill an ghrúpa i gcomórtais, tá foilsiú déanta ar a saothar agus tá léamhanna poiblí de tugtha acu anseo sa Chaisleán. Táimid ag súil le hainmneacha na scríbhneoirí óga seo a fheiceáil sna siopaí leabhar sula i bhfad!

Methodical Wanderers

Grúpa de dhéantóirí fásta iad na Methodical Wanderers a bhfuil baint áirithe i gcónaí acu le Caisleán Bhaile Átha Cliath. Tháinig an grúpa le chéile sna ceardlanna ceirde Wandering Methods a tharla in 2012 agus in 2013 i gCaisleán Ráth Fearnáin, agus in 2014 i gCaisleán Bhaile Átha Cliath mar chuid d’fhéile na Bealtaine.

Tograí Ealaíne na nÓg*

Tá Caisleán Bhaile Átha Cliath tar éis obair i gcomhpháirt le heagaríochtaí áirithe agus tá caidreamh leanúnach againn le
Crosscare
Ionad Acmhainní San Aindrias
Club Iarscoile na Saoirsí

Tugaimid cuireadh do mhúinteoirí, d’oibrithe don óige, agus d’oibrithe pobail nó oibrithe deonacha a bhfuil baint acu le clubanna obair bhaile nó tograí samhraidh dul i dteagmháil linn agus smaointe do scéimeanna píolótacha nó gníomhaíochtaí aon uaire a phlé linn. Bí i dteagmháil linn le haghaidh tuilleadh eolais.

*Táimid buíoch don tacaíocht atá faighte againn ó Chomhairle Náisiúnta na nÓg. Gan iad ní bheadh ann do chuid de na tograí seo.