When:
May 25, 2020 – July 30, 2020 all-day
2020-05-25T00:00:00+01:00
2020-07-31T00:00:00+01:00
Réada á nIarraidh

Gnó mar is (neamh)gnách. Tá sé ráite againn cheana, is minic a théann stair agus foirgnimh/láithreacha le chéile. Sna foirgnimh aimseofar déantáin, saothair ealaíne, rudaí coitianta, bailiúcháin bhuana, agus taispeántais sealadacha, ar nós an ceann atá againn faoi láthair a thaispeánann réada, bailithe ag an léiritheoir Sinéad McCoole, a insíonn scéalta ó thréimhsí agus ó pheirspictíochaí difriúla.

Táimid ag iarraidh ort, i gcóir Lá Idirnáisiúnta na nIarsmalann, réad nó déantán a chur chugainn, rud éigin a chuireann in iúl an saol mar atá sé daoibhse faoi láthair, ar an bpointe boise, agus a chuireann in iúl na hócáidí stairiúla atá muid ag dul tríd le chéile. Is é ‘Museums for Equality: Diversity and Inclusion’, éagsúlacht agus cuimsiú, an téama i mbliana. D’fhéadfadh do réad a bheith bainteach le do shaol príobháideach nó leis an saol mór, leis na hathruithe atá tagtha le déanaí, le nua-ghníomhaíochtaí atá tógtha suas agat nó leis an slí nua a théann tú i ngleic le sean-ghíomhaíochtaí. D’fhéadfadh sé a bheith bainteach le coimhlint nó caidreamh, le tráma, le neart agus teacht aniar, nó le nóiméad áthais. D’fhéadfadh sé a bheith déanta d’aon tsaghas ábhair, aon chruth nó toirt air, nó d’fhéadfaí go spreagfadh sé aon cheann de na céadfaí. Seol chugainn grianghraf, líníocht, nó cur síos ar do réad. D’fhéadfaí nóta a chur leis, scríte sa teanga atá tú ar do chompórd le, a mhíníonn do rogha. Abair linn cén áit sa chaisleán go dteastaíonn uait go mbeidh sé á thaispeánt againn. Seol chugainn oiread agus is mian leat aighneachtaí agus tá fáilte roimh GACH AOISGHRÚPA páirt a ghlacadh i dteangacha éagsúla.

Seol na haighneachtaí chuig DublinCastle@opw.ie agus ‘Contermporary Collecting’ mar ábhar leis an ríomhphost. Is é an spriocdháta ná 15 Iúil 2020. Beidh duaiseanna do na buaiteoirí. Ná bíodh aon drogall ort dul i dteagmháil linn má tá aon cheisteanna agaibh agus ná déan dearmad go gcuirtear díospóireacht chun cinn. Seo deis páirt a ghlacadh sa chomhrá.