When:
April 22, 2020 – May 24, 2020 all-day
2020-04-22T00:00:00+01:00
2020-05-25T00:00:00+01:00
Cost:
Free
Tréimhse an Éirí Amach - Comórtas Scríbhneorachta

Comórtas Scríbhneorachta do pháistí idir 8 agus 16 bliana déag

Mhair cuid do na daoine atá léirithe in ár dtaispeántas faoi láthair tríd an Éirí Amach i 1916. Bhí daoine eile a mhair, a d’oibrigh, nó a throid sa chaisleán nó sa cheantar máguaird. Bhí daoine ann a chuireadh i bpríosún sa bheairic agus daoine eile a chuireadh cóir leighis orthu san ospidéal míleata sna Seomraí Stáit.
Samhlaigh a bheith i do pháiste sa tréimhse sin agus scríobh píosa gearr a dhéanann cur síos ar an dtaithí a bhí agat i nGaeilge nó i mBéarla. D’fhéadfá gearrscéal nó sliocht a scríobh. Cuireann muid fáilte rómhaibh scéal a chumadh i meán eile ar fad cosúil le greannán, dráma beag, agallamh, monalóg, nó dán.
Caithfidh Caisleán Bhaile Átha Cliath a bheith luaite ann, fiú go fánach.

Seol do phíosa scríbhneorachta i ríomhphost go dtí dublincastle@opw.ie roimh Dé Máirt 12 Bealtaine 2020. Scríobh ‘Rising’ i líne an ábhair sa ríomhphost. Glacfar le scéalta trí mheán na Gaeilge agus Béarla, seachas sin téir i dteagmháil linn agus cinnteoimid.

Bronnfar dearbhán leabhair agus raon leathan leabhartha ar shuíomhanna stairiúla an OPW ar scríbhneoirí an trí scéal is fearr. Foilseofar togha na scéalta ar shuímh idirlíne Caisleán Bhaile Átha Cliath chomh maith. Má tá ceisteanna agat maidir le stair nó maidir leis an bhfoirgneamh ná bíodh aon drogall ort dul i dteagmháil linn!

Liosta tagairtí áisiúla:

History Ireland – Ireland’s History Magazine

Military Archives Website

Bureau of Military History (1913-1921) – Image Gallery

Republic | 1916 Group art exhibition | Olivier Cornet Gallery Dublin

1916 People & Places

Chronology of the Easter Rising

What Did James Connolly Have in his Pockets after the Easter Rising?

Women of the Rising

Why Was James Connolly’s Family Prevented from Emigrating to the United States in 1916?

List of children/young people’s literature associated with the 1916 Rising:

‘The Easter Rising 1916 – Molly’s Diary’, by Patricia Murphy

‘Pádraig Pearse and the Easter Rising 1916’, by Rod Smith

‘Blood Upon the Rose – Easter 1916’, by Gerry Hunt

‘Ten Women of the 1916 Rising’, by Ann Carroll

‘James Connolly: Working Class Hero’, by Rod Smith

‘Children of the Rising’, by Joe Duffy

‘The Young Rebels’, by Morgan Llywelyn

‘The Guns of Easter’, by Gerard Whelan