Aip Chaisleán Bhaile Átha Cliath

Ar fáil ar iOS agus Android Araon

Aip Chaisleán Bhaile Átha Cliath

Íoslódáil an aip oifigiúil do Chaisleán Bhaile Átha Cliath saor in aisce ó Google Play nó ón App Store. Tá eolas agus turas soghluaiste le fáil san aip seo atá ar fáil i mBéarla agus i nGaeilge araon. Déanann an aip seo tú a threorú trí Chaisleán Bhaile Átha Cliath agus cuireann sé síos go mion ar chúrsaí staire, mar aon le clostreoir agus íomhánna a chur ar fáil. Tá liosta ócáidí, gailearaí don úsáideoir agus léarscáileanna atá in oiriúint do GPS le fáil san aip chomh maith.