Scoileanna

Bealaí Éagsúla le Bheith ag Plé lenár mBailiúchán

Acmhainní

Cuireann Caisleán Bhaile Átha Cliath réimse foilseachán, bileog oibre agus nótaí achoimre ar fáil do mhúinteoirí bunscoile agus meánscoile. Íoslódáil na pacáistí acmhainní saor in aisce sin anseo.

Ó thurais threoraithe go dtí ceardlanna praiticiúla go dtí an taispeántas síor-athraitheach, is an-áit é Caisleán Bhaile Átha Cliath chun daltaí a thabhairt ar mhaithe le foghlaim spreagúil.

Tá turais threoraithe den bhailiúchán agus de na taispeántais i gCaisleán Bhaile Átha Cliath ar fáil saor in aisce do bhunscoileanna agus do mheánscoileanna. Chun turas a chur in áirithe nó chun tuilleadh eolais a fháil bí i dteagmháil linn le do thoil.

Is féidir teacht ar an rannóg oideachais ach glaoch ar +353 1 6458812dublincastleeducation@opw.ie.

Bunscoileanna

Cad é Caisleán Bhaile Átha Cliath? Cén cineál ruda atá le fáil ann? Cad is féidir linn foghlaim faoi dhaoine san am atá thart ó rudaí, tochailtí agus foirgnimh? Ag Caisleán Bhaile Átha Cliath cuirimid réimse de thurais agus de cheardlanna oideachasúla ar fáil do dhaltaí bunscoile.

Is féidir le daltaí plé le buaicphointí ón mbailiúchán ilghnéitheach i gCaisleán Bhaile Átha Cliath ar shlí atá spraíúil agus éasca le tuiscint. Déanfaidh na daltaí míreanna de stair Bhaile Átha Cliath a scrúdú, ó na Lochlannaigh go dtí 1916 agus ré na Réabhlóide go dtí an saol laethúil sna Seomraí Stáit. Is féidir leis na gníomhaíochtaí a bheith in oiriúint don churaclam, na daltaí a spreagadh agus cur lena dtuiscint ar an stair.

Tá turais threoraithe de Chaisleán Bhaile Átha Cliath ar fáil saor in aisce do bhunscoileanna. Chun turas a chur in áirithe nó chun tuilleadh eolais a fháil bí i dteagmháil linn le do thoil.

Meánscoileanna

Ag Caisleán Bhaile Átha Cliath cuirimid réimse taitneamhach de thurais agus de cheardlanna oideachasúla ar fáil saor in aisce do dhaltaí meánscoile. Is féidir na turais a bheith in oiriúint don churaclam agus eolas a bhaineann leis an Teastas Sóisearach agus an Ardteistiméireacht a chur san áireamh iontu. Is féidir le daltaí atá ag tabhairt faoin Teastas Sóisearach foghlaim faoi chúrsaí in Éirinn i ré na Lochlannach, na Meánaoise agus na Seoirseach. Is féidir le daltaí Ardteistiméireachta díriú ar ré na Réabhlóide le béim ar leith ar Éirí Amach 1916 agus Ospidéal na Croise Deirge i gCaisleán Bhaile Átha Cliath.

Cuirimid turais speisialaithe dár mbailiúchán ealaíne agus dár dtaispeántais shealadacha ar fáil do dhaltaí atá ag déanamh staidéar ar Stair na hEalaíne. Is féidir leo foghlaim faoin leagan amach, taispeáint, coimeádaíocht agus fealsúnacht atá taobh thiar dár gcuid taispeántas. Tá ár dtreoraithe inniúil ar phlé agus idirbheartaíocht a spreagadh le linn na dturas, rud a chuireann leis an eispéireas do dhaltaí. Mar aon leis sin, cuireann Caisleán Bhaile Átha Cliath cúrsa bliantúil ar fáíl a dhíríonn ar conas portfóilió ealaíne a ullmhú. Má tá spéis agat páirt a ghlacadh sa chúrsa seo bí i dteagmháil linn, le do thoil.

Tá turais threoraithe de Chaisleán Bhaile Átha Cliath ar fáil saor in aisce do mheánscoileanna. Chun turas a chur in áirithe nó chun tuilleadh eolais a fháil bí i dteagmháil linn le do thoil.